Altan do Lá na Gaeilge

AltanCover of AltanBeidh an grúpa iomráiteach Altan ag seinm ag ceolchoirm mhór a bheidh ar siúl ar an bpríomhstáitse i ndugaí na Gaillimhe mar chuid de Lá na Gaeilge, ag ceiliúradh cuairt rás mór an Volvo ar chathair na Gaillimhe. In éineacht leo beidh aíonna óna ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre.

Is é an Déardaoin, 5 Iúil, atá roghnaithe mar Lá na Gaeilge agus tá na grúpaí Gaeilge ar fad i gCathair na Gaillimhe ag teacht le chéile chun a chinntiú go mbeidh deis ag na cuairteoirí, chomh maith le pobal na Gaillimhe féin, blaiseadh den teanga a fháil.

Ar na grúpaí a bheidh páirteach tá Údarás na Gaeltachta; le seastán acu sa Global Village chun ardán a thabhairt don Ghaeltacht; Conradh na Gaeilge a mbeidh ag eagrú ranganna Gaeilge do chuairteoirí; Gaillimh le Gaeilge a mbeidh gníomhach le comhlachtaí agus siopaí na Gaillimhe, agus Músaem na Cathrach a mbeidh ag seoladh clár imeachtaí dá chuid féin don ócáid..


Altan do Lá na Gaeilge:

Comments

Popular posts from this blog

The Irish Music School of Chicago Announces 4th Annual Francis O'Neill Irish Arts Week Kids Day Camp

'3' is the magic number

Shannon’s Lovely Vale